
Bike Week Is Back for 2023
After a very successful Bike Week 2022 in County Westmeath, the week-long celebration of all things cycling takes place again this year, between Sunday May 13 and Sunday May 21.
Schools, clubs, community groups and organisations, as well as local businesses, are invited to apply for funding to organize their own FREE Bike Week event during Bike Week 2023.
Types of Events We Are Looking For
The exact type of event for Bike Week 2023 is up to each applicant, however, applications that focus on the following event criteria will be prioritised:
***The event MUST take place during 13th to 21st of May 2023.***
***The Event must be FREE to take part in.***
***Fun Cycles (5k, 10k 30k etc)***
***Recreational/Leisure Cycling events focusing on including non-club members, the lapsed cyclist, families, beginners etc.***
***Slow Bike Races, Cycling Obstacle Courses, Nature Cycles, Cycle to School Days, Lunch Time Cycles, Cycling Games and Activities, Cycle To Work.***
***Focus on inclusion, non-competitive, community focus, family, local school par
***The event MUST take place during 13th to 21st of May 2023.***
***The Event must be FREE to take part in.***
***Fun Cycles (5k, 10k 30k etc)***
***Recreational/Leisure Cycling events focusing on including non-club members, the lapsed cyclist, families, beginners etc.***
***Slow Bike Races, Cycling Obstacle Courses, Nature Cycles, Cycle to School Days, Lunch Time Cycles, Cycling Games and Activities, Cycle To Work.***
***Focus on inclusion, non-competitive, community focus, family, local school participation.***
Available Funding and Application Forms
Funding is available to support events taking place in three different settings for Bike Week 2023 and the application form for each strand is available below. The process will take around seven minutes and the closing date for receipt of applications is 5pm, Monday April 3.
A maximum of €500 is available for events which will be organized and supported by communities or in public spaces.
You can find out more on how to apply as a Community Club, Groups or Organisation below:
Funding-Criteria-and-Application-details-for-Clubs-Community-Groups-Organisations-2023
A maximum of €300 is available for events or training which will be organized and supported by schools.
You can find out more on how to apply as a school below:
Funding-Criteria-and-Application-details-for-Schools-2023
A maximum of €200 is available or events which will be organized and supported by employers or businesses.
You can find out more on how to apply business or employer below:
Funding-Criteria-and-Application-details-for-Employers-2023

Looking for some inspiration…
We enjoyed supporting lots of fun events last year encouraging people of all ages to get back on their bikes during Bike Week 2023. A selected list is available here
Below is just a sample of some of the events that maybe you would like to see take place in your community or organisation this year :
Willowbrook Residents Association – The group used Bike Week to promote community spirit and harmony within their area and encouraged greater use of nearby greenways and cycle tracks along the
canal. They also engaged with local Gardaí by inviting their community Gardaí to talk to their children about safety on the road, and to join us on a cycle. Their Bike Week also concluded with a Residents’ Tea Party.
St. Brigid’s School – Students and staff enjoyed a week-long schedule of events including a session of group cycling on the Greenway in partnership with local community Gardaí. They also developed a cycling obstacle course on school grounds and encouraged a special ‘Staff Cycle to School’ day. There was also great fun as part of the ‘Staff Cycle for your breakfast’ on exercise bikes. Other events promoted included an introduction to tricycles, scooters, balance bikes to foster and promote further and maximum inclusion of all members of the school community in cycling activities.
Ballinahown Development Association – A special Bike Repair Workshop was operated for people who may have had bikes not in perfect working condition. It was hoped that many could be retained after their repairs or donated to families recently arrived from the Ukraine in their local
community. A number of bike racks were also purchased for the village.
Lakeside Wheelers – The club re-introduced people who perhaps had not cycled in a long time back to the pastime/sport of cycling. A beginners group was established and led by an experienced group of
leaders which took participants out on safe areas on which to cycle such as the Greenway.
Other ideas that might be considered include:
***A cycling event such as a slow bicycle race, a family cycle or a local cycling tour***
***Meet N’ Spin***
***Tandem bike rides for visually impaired.***
***A school cycling event on a specific day to encourage children to bring their bikes for a organised cycle trip.***
***Design a helmet or arts and crafts to decorate your bicycle.***
***Refreshments for an event.***
***Learn to cycle programmes (for adults and children)***
***Cycling workshops***
***Electric Bike Workshops***
***Cycle to Work***
***Mystery/History/Scenic Tours of area***
***Bike orienteering***
***Women Only events***
***Bikes available to try, electric bikes, cargo bikes, tandem, folding, trailers, child carriers etc.***
More Information
National Bike Week was first established in 2009 and we hope to see even more people getting back on two (or three) wheels and enjoying cycling with a variety of events and activities across Co. Westmeath this year for Bike Week 2023
For information on events happening nationwide for Bike Week 2023 log onto www.bikeweek.ie and if you want to get in touch with the Westmeath Sports Partnership, drop us an email at info@westmeathsports.ie.

Tá Seachtain na Rothar ar ais do 2023.
D’éirigh go hiontach le Seachtain na Rothar, 2022 i gContae na hIarmhí agus beidh an ceiliúradh seachtaine ar gach rud a bhaineann le cúrsaí rothaíochta ar siúl arís i mbliana, idir Dé Domhnaigh 13 Bealtaine agus Dé Domhnaigh 21 Bealtaine. Tá cuireadh á thabhairt do scoileanna, clubanna, grúpaí agus eagraíochtaí pobail, chomh maith le gnólachtaí áitiúla, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun a n-imeacht SAOR IN AISCE féin a eagrú le linn Sheachtain na Rothar 2023.
Cineálacha Imeachtaí atá á lorg againn
Is faoi gach iarratasóir atá sé a rogha imeachta féin a eagrú, ach tabharfar tús áite d’iarratais a dhíreofar ar na critéir imeachta seo a leanas:
***CAITHFEAR an t-imeacht a reáchtáil le linn na seachtaine 13-21 Bealtaine 2023.***
***Caithfidh sé a bheith SAOR IN AISCE chun páirt a ghlacadh san Imeacht.***
***Rothaíochtaí Spraoi (5k, 10k 30k etc)***
***Imeachtaí Rothaíochta Áineasa/Fóillíochta atá dírithe ar iar-rothaithe, ar theaghlaigh, ar thosaitheoirí, agus ar dhaoine nach bhfuil páirteach i gclub rothaíochta, etc.***
***Rásaí Malla Rothaíochta, Cúrsaí Bacainní Rothaíochta, Rothaíochtaí Dúlra, Laethanta Rothaíochta chun na Scoile, Rothaíochtaí le linn Am Lóin, Cluichí agus Gníomhaíochtaí Rothaíochta, Rothaíocht chun na hOibre.*** ***Imeachtaí atá dírithe ar chúrsaí ionchuimsitheacha sa phobal, atá neamhiomaíoch, agus a spreagann rannpháirtíocht teaghlaigh, pobail agus scoileanna áitiúla.***
Maoiniú ar Fáil & Foirmeacha Iarratais
Tá maoiniú ar fáil chun tacú le himeachtaí a bheidh ar siúl i 3 shuíomh éagsúla agus tá an fhoirm iarratais le haghaidh gach snáithe ar fáil anseo thíos. Tógfaidh an próiseas seacht nóiméad nó mar sin, agus is é 5pm Dé Luain, 3 Aibreán an dáta deiridh chun iarratais a fháil.
Tá uasmhéid €500 ar fáil le haghaidh imeachtaí a bheidh á n-eagrú agus á dtacú ag pobail nó a bheidh ar siúl in áiteanna poiblí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos maidir le hiarratas a dhéanamh mar Chlub, Pobal, Grúpa nó Eagraíocht:
Criteir-maidir-le-Maoiniu-agus-Sonrai-Iarratais-le-haghaidh-Clubanna-Grupai-Pobail-Eagraiochtai-2023
Tá uasmhéid €300 ar fáil le haghaidh imeachtaí a bheidh á n-eagrú agus á dtacú ag scoileanna.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos maidir le hiarratas a dhéanamh mar scoil:
Critéir-maidir le Maoiniú-agus-Sonraí-Iarratais-le haghaidh-Scoileanna-2023
Tá uasmhéid €200 ar fáil le haghaidh imeachtaí a bheidh á n-eagrú agus á dtacú ag fostóirí nó gnólachtaí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos maidir le hiarratas a dhéanamh mar fhostóir nó mar ghnólacht:
Critéir-maidir le Maoiniú-agus-Sonraí-Iarratais-le haghaidh-Fostóirí-2023

Má tá spreagadh ag teastáil……
Bhaineamar an-taitneamh as tacú le go leor imeachtaí spraoi an bhliain seo caite, ag spreagadh daoine, idir óg agus aosta, suí ar a rothair arís le linn Sheachtain na Rothar. Tá liosta ar leith ar fáil anseo
Anseo thíos, tá sampla de chuid de na himeachtaí a bheadh oiriúnach le reáchtáil i do phobal nó i d’eagraíocht féin i mbliana:
Cumann Cónaitheoirí Willowbrook – Úsáideann an grúpa seo Seachtain na Rothar chun spioraid agus síocháin an phobail a chur chun cinn ina gceantar féin, agus daoine a spreagadh le leas níos fearr a bhaint as na glasbhealaí agus raonta rothar taobh leis an gcanáil. Chuaigh siad i mbun plé freisin leis an nGarda Síochána áitiúil trí chuireadh a thabhairt do na Gardaí Pobail teacht chun labhairt lena leanaí maidir le sábháilteacht ar na bóithre, agus chun dul ar bhabhta rothaíochta leo. Cuireadh deireadh le Seachtain na Rothar le Cóisir Thae na gCónaitheoirí.
Scoil Naomh Bríd – Bhain daltaí agus foireann na scoile taitneamh as seachtain lán d’imeachtaí, lena n-áirítear seisiún rothaíochta grúpa ar an nGlasbhealach i gcomhar leis na Gardaí Pobail áitiúla. D’fhorbair siad cúrsaí bacainní rothaíochta ar thailte na scoile agus spreag siad ‘Lá Rothaíochta chun na Scoile don Fhoireann’. Baineadh an-taitneamh freisin as an ‘Rothaíocht Bhricfeasta na Foirne’ ar rothair aclaíochta. I measc na n-imeachtaí eile a cuireadh chun cinn, bhí seisiún tosaitheoirí le trírothaigh, scútair agus rothair chothromaíochta chun an rannpháirtíocht is fearr is féidir sna gníomhaíochtaí rothaíochta a uasmhéadú i measc phobail na scoile.
Cumann Forbartha Bhaile na hAbhann – Cuireadh Ceardlann Deisiúcháin Rothar speisialta ar bun le haghaidh daoine a raibh deisiúcháin de dhíth ar a rothair. Bhíothas ag súil go gcoimeádfaí roinnt mhaith de na rothair i ndiaidh na hoibre deisiúcháin nó go dtabharfaí iad do theaghlaigh sa phobal a bhí díreach tagtha ón Úcráin. Ceannaíodh roinnt racaí rothar don sráidbhaile.
Lakeside Wheelers – Thug an club deis do dhaoine nach ndeachaigh ag rothaíocht le fada an lá an caitheamh aimsire/spórt a thosú an athuair. Bunaíodh grúpa tosaitheoirí faoi stiúir grúpa ceannairí a raibh taithí acu. Thóg na ceannairí seo na rannpháirtithe amach ag rothaíocht in áiteanna sábháilte, amhail ar an nGlasbhealach.
Seo roinnt smaointe eile:
***Imeacht rothaíochta amhail rás mall rothaíochta, rothaíocht teaghlaigh nó turas rothaíochta áitiúil***
***Cas le Chéile**
***Rothaíocht ar thandaim le haghaidh daoine lagamhairc.***
***Imeacht rothaíochta scoile ar lá ar leith chun leanaí a spreagadh a rothair a thabhairt isteach le haghaidh turas rothaíochta eagraithe.***
***Dear clogad nó ealaín agus ceardaíocht chun do rothar a mhaisiú.***
***Sólaistí le haghaidh imeachta.***
***Foghlaim conas rothaíocht a dhéanamh (do dhaoine fásta agus do leanaí)***
***Ceardlanna rothaíochta***
***Ceardlanna Rothar Leictreacha***
***Rothaíocht chun na hOibre***
***Turais Mhistéire/Staire/Scéimhe den cheantar***
***Treodóireacht rothair***
***Imeachtaí do Mhná Amháin***
***Rothair ar fáil le triail a bhaint astu: rothair leictreacha, rothair lastais, tandaim, rothair infhillte, rothair le leantóirí agus iompróirí linbh, etc.***
Tuilleadh Eolais
Reáchtáladh Seachtain na Rothar den chéad uair riamh in 2009 agus tá súil againn go rachaidh níos mó daoine i mbliana ná riamh ar ais ar dhá (nó trí) roth chun taitneamh a bhaint as rothaíocht le linn na n-imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl ar fud Chontae na hIarmhí i mbliana.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le himeachtaí ar fud na tíre, logáil isteach ar www.bikeweek.ie agus más maith le duine ar bith teagmháil a dhéanamh linn ag Comhpháirtíocht Spóirt na hIarmhí, seol ríomhphost chugainn ag info@westmeathsports.ie.