Cúrsa Treodóireachta “Ready to Go” an Márta seo i mBaile Átha Luain

An bhfuil suim agat sa treodóireacht?

Faoi na Cláir Forbartha Pobail agus Cuimsiú Spóirt arna n-éascú ag Comhpháirtíocht Spóirt na hIarmhí, tá áthas ar an gComhpháirtíocht Spóirt cúrsa a fhógairt a oireann do mhúinteoirí, d’fhoireann soláthraithe seirbhíse, d’oibrithe óige agus do chóitseálaithe.

Féach ar an eolas thíos le do thoil.

Réamhrá don Treodóireacht

Is tionscnamh de chuid Treodóireacht Éireann é Treodóireacht “Ready to Go” chun an spórt a thabhairt isteach agus a chur chun cinn i scoileanna, i seirbhísí míchumais agus in eagraíochtaí óige.

Is é aidhm an chúrsa seo ná oiliúint a chur ar bhaill foirne leis na scileanna riachtanacha chun bunscileanna an spóirt a mhúineadh dá ndaltaí, úsáideoirí seirbhíse agus rannpháirtithe trí uasoiliúint a chur ar lucht freastail an chúrsa chun:

  • Blaiseadh a thabhairt de scileanna na treodóireachta ar bhealach spraoiúil agus spreagúil
  • A chur ar chumas fhoireann na scoile a aithint cá háit ar féidir treodóireacht a thabhairt isteach go curaclam na scoile
  • Cluichí agus cártaí gníomhaíochta a úsáid chun eolas agus scileanna na rannpháirtithe a chur chun cinn  

Ar chríochnú an Chúrsa “Ready to Go”, gheobhaidh scoileanna, soláthraithe seirbhíse agus eagraíochtaí óige rannpháirteacha pacáiste acmhainní ina bhfuil cártaí cluiche, léarscáileanna simplí agus rialaitheoirí treodóireachta.

Cuirfear acmhainní ar líne ar fáil freisin ar féidir iad a íoslódáil agus a phriontáil. Is costas breise é léarscáiliú na háise.

Eolas Cúrsa:  

  • Dáta an Chúrsa: Déardaoin 30ú Márta
  • Am: 10.00rn go 3in (tabhair lón pacáilte leat)
  • Ionad: Ionad Spóirt Réigiúnach Bhaile Átha Luain (tabhair faoi deara le do thoil gur cúrsa lasmuigh é seo mar sin gléasaigh go cuí agus caith coisbheart compordach)
  • Costas: €50 in aghaidh na scoile/heagraíochta