Tá Iarratais ar Imeachtaí Sheachtain na Rothar 2023 ar Oscailt Anois

Má théann tú ar chúrsa rothaíochta dhá bhabhta in aon lá amháin, an dtugtar athchúrsáil air sin?

Tá Seachtain na Rothar ar ais do 2023.

D’éirigh go hiontach le Seachtain na Rothar, 2022 i gContae na hIarmhí agus beidh an ceiliúradh seachtaine ar gach rud a bhaineann le cúrsaí rothaíochta ar siúl arís i mbliana, idir Dé Domhnaigh 13 Bealtaine agus Dé Domhnaigh 21 Bealtaine. Tá cuireadh á thabhairt do scoileanna, clubanna, grúpaí agus eagraíochtaí pobail, chomh maith le gnólachtaí áitiúla, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun a n-imeacht SAOR IN AISCE féin a eagrú le linn Sheachtain na Rothar 2023.

Cineálacha Imeachtaí atá á lorg againn

Is faoi gach iarratasóir atá sé a rogha imeachta féin a eagrú, ach tabharfar tús áite d’iarratais a dhíreofar ar na critéir imeachta seo a leanas:

***CAITHFEAR an t-imeacht a reáchtáil le linn na seachtaine 13-21 Bealtaine 2023.***

***Caithfidh sé a bheith SAOR IN AISCE chun páirt a ghlacadh san Imeacht.***

***Rothaíochtaí Spraoi (5k, 10k 30k etc)***

***Imeachtaí Rothaíochta Áineasa/Fóillíochta atá dírithe ar iar-rothaithe, ar theaghlaigh, ar thosaitheoirí, agus ar dhaoine nach bhfuil páirteach i gclub rothaíochta, etc.***

***Rásaí Malla Rothaíochta, Cúrsaí Bacainní Rothaíochta, Rothaíochtaí Dúlra, Laethanta Rothaíochta chun na Scoile, Rothaíochtaí le linn Am Lóin, Cluichí agus Gníomhaíochtaí Rothaíochta, Rothaíocht chun na hOibre.*** ***Imeachtaí atá dírithe ar chúrsaí ionchuimsitheacha sa phobal, atá neamhiomaíoch, agus a spreagann rannpháirtíocht teaghlaigh, pobail agus scoileanna áitiúla.***

Maoiniú ar Fáil & Foirmeacha Iarratais

Tá maoiniú ar fáil chun tacú le himeachtaí a bheidh ar siúl i 3 shuíomh éagsúla agus tá an fhoirm iarratais le haghaidh gach snáithe ar fáil anseo thíos. Tógfaidh an próiseas seacht nóiméad nó mar sin, agus is é 5pm Dé Luain, 3 Aibreán an dáta deiridh chun iarratais a fháil.

Tá uasmhéid €500 ar fáil le haghaidh imeachtaí a bheidh á n-eagrú agus á dtacú ag pobail nó a bheidh ar siúl in áiteanna poiblí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos maidir le hiarratas a dhéanamh mar Chlub, Pobal, Grúpa nó Eagraíocht:

Criteir-maidir-le-Maoiniu-agus-Sonrai-Iarratais-le-haghaidh-Clubanna-Grupai-Pobail-Eagraiochtai-2023

Tá uasmhéid €300 ar fáil le haghaidh imeachtaí a bheidh á n-eagrú agus á dtacú ag scoileanna.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos maidir le hiarratas a dhéanamh mar scoil:

Critéir-maidir le Maoiniú-agus-Sonraí-Iarratais-le haghaidh-Scoileanna-2023

Tá uasmhéid €200 ar fáil le haghaidh imeachtaí a bheidh á n-eagrú agus á dtacú ag fostóirí nó gnólachtaí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos maidir le hiarratas a dhéanamh mar fhostóir nó mar ghnólacht:

Critéir-maidir le Maoiniú-agus-Sonraí-Iarratais-le haghaidh-Fostóirí-2023

Má tá spreagadh ag teastáil……

Bhaineamar an-taitneamh as tacú le go leor imeachtaí spraoi an bhliain seo caite, ag spreagadh daoine, idir óg agus aosta, suí ar a rothair arís le linn Sheachtain na Rothar. Tá liosta ar leith ar fáil anseo

Anseo thíos, tá sampla de chuid de na himeachtaí a bheadh oiriúnach le reáchtáil i do phobal nó i d’eagraíocht féin i mbliana:

Cumann Cónaitheoirí Willowbrook – Úsáideann an grúpa seo Seachtain na Rothar chun spioraid agus síocháin an phobail a chur chun cinn ina gceantar féin, agus daoine a spreagadh le leas níos fearr a bhaint as na glasbhealaí agus raonta rothar taobh leis an gcanáil. Chuaigh siad i mbun plé freisin leis an nGarda Síochána áitiúil trí chuireadh a thabhairt do na Gardaí Pobail teacht chun labhairt lena leanaí maidir le sábháilteacht ar na bóithre, agus chun dul ar bhabhta rothaíochta leo. Cuireadh deireadh le Seachtain na Rothar le Cóisir Thae na gCónaitheoirí.

Scoil Naomh Bríd – Bhain daltaí agus foireann na scoile taitneamh as seachtain lán d’imeachtaí, lena n-áirítear seisiún rothaíochta grúpa ar an nGlasbhealach i gcomhar leis na Gardaí Pobail áitiúla. D’fhorbair siad cúrsaí bacainní rothaíochta ar thailte na scoile agus spreag siad ‘Lá Rothaíochta chun na Scoile don Fhoireann’. Baineadh an-taitneamh freisin as an ‘Rothaíocht Bhricfeasta na Foirne’ ar rothair aclaíochta. I measc na n-imeachtaí eile a cuireadh chun cinn, bhí seisiún tosaitheoirí le trírothaigh, scútair agus rothair chothromaíochta chun an rannpháirtíocht is fearr is féidir sna gníomhaíochtaí rothaíochta a uasmhéadú i measc phobail na scoile.

Cumann Forbartha Bhaile na hAbhann – Cuireadh Ceardlann Deisiúcháin Rothar speisialta ar bun le haghaidh daoine a raibh deisiúcháin de dhíth ar a rothair. Bhíothas ag súil go gcoimeádfaí roinnt mhaith de na rothair i ndiaidh na hoibre deisiúcháin nó go dtabharfaí iad do theaghlaigh sa phobal a bhí díreach tagtha ón Úcráin. Ceannaíodh roinnt racaí rothar don sráidbhaile.

Lakeside Wheelers – Thug an club deis do dhaoine nach ndeachaigh ag rothaíocht le fada an lá an caitheamh aimsire/spórt a thosú an athuair. Bunaíodh grúpa tosaitheoirí faoi stiúir grúpa ceannairí a raibh taithí acu. Thóg na ceannairí seo na rannpháirtithe amach ag rothaíocht in áiteanna sábháilte, amhail ar an nGlasbhealach.

Seo roinnt smaointe eile:

***Imeacht rothaíochta amhail rás mall rothaíochta, rothaíocht teaghlaigh nó turas rothaíochta áitiúil***

***Cas le Chéile**

***Rothaíocht ar thandaim le haghaidh daoine lagamhairc.***

***Imeacht rothaíochta scoile ar lá ar leith chun leanaí a spreagadh a rothair a thabhairt isteach le haghaidh turas rothaíochta eagraithe.***

***Dear clogad nó ealaín agus ceardaíocht chun do rothar a mhaisiú.***

***Sólaistí le haghaidh imeachta.***

***Foghlaim conas rothaíocht a dhéanamh (do dhaoine fásta agus do leanaí)***

***Ceardlanna rothaíochta***

***Ceardlanna Rothar Leictreacha***

***Rothaíocht chun na hOibre***

***Turais Mhistéire/Staire/Scéimhe den cheantar***

***Treodóireacht rothair***

***Imeachtaí do Mhná Amháin***

***Rothair ar fáil le triail a bhaint astu: rothair leictreacha, rothair lastais, tandaim, rothair infhillte, rothair le leantóirí agus iompróirí linbh, etc.***

Tuilleadh Eolais

Reáchtáladh Seachtain na Rothar den chéad uair riamh in 2009 agus tá súil againn go rachaidh níos mó daoine i mbliana ná riamh ar ais ar dhá (nó trí) roth chun taitneamh a bhaint as rothaíocht le linn na n-imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl ar fud Chontae na hIarmhí i mbliana.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le himeachtaí ar fud na tíre, logáil isteach ar www.bikeweek.ie agus más maith le duine ar bith teagmháil a dhéanamh linn ag Comhpháirtíocht Spóirt na hIarmhí, seol ríomhphost chugainn ag info@westmeathsports.ie.